Tumgik
klahavinka · 2 years
Text
BUCK-TICK ~ Coyote ~ irish translation
                                                      ~ Cadhóit ~
Níl aon maitheas leis an radharc Ní féidir liom filleadh ar ais, ach is cuma Ar nós bís, suas go Neamh Crithim le sceitimíní.. Rachaidh mé.
Ag monabhar d'ainm.. Arís, ar aghaidh Fiú ag siúl amach thar na marbháin
Cuir glaoch ar m'ainm, cosúil leis an lá i bhfad i bhfad ó shin Cuir fiú glaoch amháin ar m'ainm, le do thoil, arís eile Cuir glaoch ar m'ainm, díreach cosúil leis an lá i bhfad i bhfad ó shin..
Tú, le roiseog i do chuid gruaige Éadóchas agus luí na gréine.. Go dtí go mbéicfidh cnámha mo dhroim le pian Cuir do lámha timpeall orm, nach bpógfaidh tú mé? Nach maithfidh tú dom? Ní doigh liom go mbuailfimid go deo arís Faoin ngrian tráthnóna seo
Ag siúl i dtreo do lámha ag bualadh, tá mé beagnach ann. Do scáth ag caochadh, mé ag lámhacán ar aghaidh gan bhrí.. Rachaidh mé.
Fiú ag siúl amach thar na marbháin
Cuir glaoch ar m'ainm, cosúil leis an lá i bhfad i bhfad ó shin Cuir fiú glaoch amháin ar m'ainm, le do thoil, arís eile Cuir glaoch ar m'ainm, díreach cosúil leis an lá i bhfad i bhfad ó shin..
Anocht níos áille ná rud ar bith Tú, fuaim na dtonn, agus luí na gréine
Paisean dóite ag cuimilt mo chroí Cuir do lámha timpeall orm, Nach bpógfaidh tú mé? Nach n-aontóidh tú? Ní doigh liom go mbuailfimid go deo arís Faoin ngrian tráthnóna seo
Tú, le roiseog i do chuid gruaige Éadóchas agus luí na gréine Go dtí go mbéicfidh cnámha mo dhroim le pian Cuir do lámha timpeall orm, nach bpógfaidh tú mé? Nach maithfidh tú dom? Ní doigh liom go mbuailfimid go deo arís.. Anocht níos áille ná rud ar bith Tú, fuaim na dtonn, agus luí na gréine Paisean dóite ag cuimilt mo chroí Cuir do lámha timpeall orm, nach bpógfaidh tú mé? Nach n-aontóidh tú? Ní doigh liom go mbuailfimid go deo arís Faoin ngrian tráthnóna seo
*this one proved a little tricky to make singable, but was worth it since it’s by far one of my favouite b-t tracks to sing ^-^
**a little irish lesson! putting a slanted line above vowels is very common and can change the meaning of a word entirely. the line’s full name is a ‘síneadh fada’ (“sheena fah-da” (the ah pronounced like ‘o’ in ‘office’)), but is usually only called a ‘fada’.
á = aw (as in awestruck that anyone is actually reading this)
ó = oh (as in Hidehiko)
ú = oo (as in Tetsu)
é = ey (as in Dir En Grey)
í = ee (as in Sakurai Atsushi)
2 notes · View notes
klahavinka · 2 years
Text
BUCK-TICK ~ Future For Future ~ irish translation
                                       ~ Todhchaí Don Todhchaí ~
Chaith mé ar siúl mo liostacht Cathain a tháinig mé faoi gheasa?  Tá an baile seo ag dul i laghad, ach táim ag dul i dtreo díreach eile
Teilifís ag goid mo chroí le híomhánna dochreidte, thar barr
Ag smaoineamh ar an lá, ritheann mo shamhlaíocht chun tosaigh go tréan
Déanfaidh mé mar seo é, díreach mar a mhothaím é
 Nach bhfuil orm na mothúcháin seo a scaipeadh sula mbeidh sé ró-dhéanach?
Gan dearmad déanta, gan athrú déanta
Baineadh an dallach dubh díom go deo
 Teilifís ag goid mo chroí le híomhánna dochreidte, thar barr
Ag smaoineamh ar an lá, ritheann mo shamhlaíocht chun tosaigh go tréan
Seans go bhfuil faitíos orm, ach táim ag díriú ar leibhéal éasca
Déanfaidh mé i gcónaí é mar seo agus díreach mar a mhothaím é
San todhchaí, go luath.. Tá ‘todhchaí don todhchaí’ iontach le bua (x2)
Teilifís ag goid mo chroí le híomhánna dochreidte, thar barr
Ag smaoineamh ar an lá, ritheann mo shamhlaíocht chun tosaigh go tréan
Seans go bhfuil faitíos orm, ach táim ag díriú ar leibhéal éasca
Déanfaidh mé i gcónaí é mar seo agus díreach mar a mhothaím é
 San todhchaí, go luath..
Tá ‘todhchaí don todhchaí’ iontach le bua (x3)
*this one is kind of boring and irrelevant, but i thought to post it anyway .. another singable translation
2 notes · View notes
klahavinka · 2 years
Text
BUCK-TICK ~ dress ~ irish translation
                                                      ~ gúna ~
Titim i mo chodladh leat os comhair an scáthán Do lámh, mhéara bánghnéitheach Ag taispeáint do laige, go simplí, gan aon mírún Ag dúnadh mo bheola
An lá sin, rinneamar geallúintí a mhalartú Ach anois, níl ach cuimhne ghrinn againn
Ag casadh do chluasa chuig an amhrán leadránach Ag amharc amach as an bhfuinneog Cuirfidh mé orm an gúna agus rince ar do shon Inis dom, an bhfuil mé as mo mheabhair? Lá éigin, b’fhéidir, beimid tógtha leis an ngaoth Ach anois, níl ach cuimhne ghrinn againn
Cén fáth nach bhfuil aon sciatháin agam? Ag snámh tríd an spéir Cosúil leis an ngaoth, cosúil leis na scamaill Cosúil le réaltaí, mar na planéidí Imeacht go huile, gach aon rud clúdaithe I ndorchadas na hoíche
“Ná déan dearmad ar na laethanta sin, lán lenár grá” Gan cuimhne fágtha futhu, fiú d'aghaidh.. Lá éigin, b’fhéidir, beidh muid scriosta ag an ngaoth Ach anois, níl ach cuimhne ghrinn againn
Cén fáth nach bhfuil aon sciatháin agam? Ag snámh tríd an spéir Cosúil leis an ngaoth, cosúil leis na scamaill Cosúil le réaltaí, mar na planéidí Imeacht go huile, gach aon rud clúdaithe i ndorchadas na hoíche
Cén fáth nach bhfuil aon sciatháin agam? Ag snámh tríd an spéir Cosúil leis an ngaoth, cosúil leis na scamaill An grá agus gean An colm agus rian Maoithneachas casrach A athraíonn go hiomlán Atá anois pianfar
*another singable translation! i recorded myself singing it, but it wasn’t great, so I’ll hesitate from uploading that until I figure out a proper microphone^;;
6 notes · View notes
klahavinka · 2 years
Text
BUCK-TICK ~ die ~ irish translation
                                                         ~ bás ~
“        Sínim mo dhá lámh amach ag an am Nuair a guím chun maithiúnas a thabhairt do gach rud. Beidh tú ag eitilt anuas ón spéir..
An rud ar a dtugtar an fhírinne, Ní raibh aon ionam. Níl a fhios agam fiú an bhrí maireachtála Nó aon fáth na beatha. (Rud ar bith)
Mar go bhfuil na réaltaí ag snámh san fharraige.. Mar ag tabhairt dom cuireadh agus iad ag miongháire.. Isteach san oíche séimh.
Ag trasnú na scamaill deireanach Go dtí go lonraíonn an oíche é féin. Is féidir liom eitilt áit ar bith, mo chorp traochta. Ag bualadh mo sciatháin Go dtí go bhfaighim bás.
Scaraimis anseo, níl gá le brón. Tabhair dom póg dheireanach éadrom, le do thoil, agus cur deireadh leis an sámh codlata. Ag dúnadh mo shúile, mothaím síoraíocht. An teas ar a dtugtar bás i mo chraiceann. (Ní haisling é)
Ar dhúiseacht - go domhain, coimhthíoch, i bhfad i gcéin. Cá hé seo? Cé hé mé? Táim tar éis briseadh tríd é.
Mo chorp ar tí briseadh as a chéile, Le gach fuinneamh mo ghlór, gach píosa mo ghrá. Ag breathnú síos chun amharc ar mo phláinéid Gorm, beag, ag caochú. Ag titim anuas. Ar feadh tamaillín, slán, an saol, go fóill.
Ní féidir liom filleadh ar ais arís Go dtí an aigéan sin inar rugadh mé. Ag breathnú síos chun amharc ar mo phláinéid Gorm, beag, ag caochú. Ag titim anuas. Ar feadh tamaillín, slán, an saol, go fóill..        ”
*this translation is singable, so sing your heart out if you know how! i feel this one flows quite well, which brings me joy since it’s one of my favourite buck-ticks
**the title i gave actually means ‘death’, as there is no irish word equal to the original title. we instead say that one ‘gets death’. the title ‘get death’ felt rather threatening, so i left it as ‘bás’
2 notes · View notes
klahavinka · 2 years
Text
BUCK-TICK ~ rakuen (楽園) ~ irish translation
                                              ~ Na Flaithis ~
“            Is é seo atá na flaithis Ina déanann siad siúd atá i ngrá Croí isteach lena chéile san earrach.
Tír an ghrá, parthas na mbláthanna. Rath i síocháin, fás torthúil, iolraigh. Cad níos mó atá á lorg uait ná seo?
Cathair aisteach, daoine aisteach, Fuil a doirteadh le súile lán de bhrón. Is seanscéal aisling é an áit seo.
Teilifís le guthanna géar agus nimhneach. Clabaireacht folamh, méaldráma. Maidir liomsa, coinním m'aghaidh i bhfolach le deora éadomhain.
Maraíonn páistí Dé a chéile i ngairdín an ghrá. Tugaim súil chaoch ar.. I dtaibhreamh atáim.
Tír an ghrá, is é seo na flaithis. Suirí, sólás, gach aghaidh cosúil toisc nach mbíonn ceann gan miongháire.
Tagann an phlá do-leigheas le piléir. Grá a athraíonn go pian dúinn go léir. Cad níos mó atá á lorg uait ná seo?
Athair séimh le máthair mánla le báisteach dubh le talamh scoite. Maidir liomsa, coinním m'aghaidh i bhfolach le deora éadomhain.
Maraíonn páistí Dé a chéile i ngairdín an ghrá. Tugaim súil chaoch ar.. I dtaibhreamh atáim.
Maraíonn páistí Dé a chéile i ngairdín an ghrá. Tugaim súil chaoch ar. ‘S anseo atáim.            ”
*the italicised line is in the single version only
**this is a singable translation, as accurate to the original meaning as can be achieved while matching it to the melody. If you can pronounce it, feel free to try! Google Translate provides a vague idea of what is typed here, but if anyone would like me to post the english translation of this or any future translations, feel free to ask
1 note · View note